Learning Home

 


 

 


Ceacht 6 - Lesson 6

LitriÚ

Learning Irish Caighdeán
bróig bróg
amáireach amárach

I. Tenses of Bí

A. Transform the following into negative sentences

  1. Bhí muid anseo inné
  2. An raibh tú tinn?
  3. An raibh mórán daoine ag an siopa?
  4. Deir siad go raibh an bháisteach go dona.
  5. Bhí léine Dhonncha go deas.
  6. Bhí neart cathaoireacha ann.
  7. Beidh muid anseo amáireach.
  8. An mbeidh mórán daoine ag an siopa?
  9. Beidh tú tinn.
  10. Deir siad go mbeidh an bháisteach go dona.

B. Convert the following to questions.

  1. Bhí sráideanna go leor in mBaile Atha Cliath.
  2. Ní raibh siad ann aríst.
  3. Bhí garraí mór ag an bhfeilméara.
  4. Bhí éadaí saor.
  5. Ní raibh duine ar bith sásta.
  6. Beidh siad ag an siopa mór.
  7. Ní bheidh siad ann aríst.
  8. Beidh airgead go leor ag an bhfeilméara.
  9. Beidh 'chuile shórt daor.
  10. Ní bheidh duine ar bith sásta.

C. Change the following sentences each to past and future tense.

  1. An bhfuil mapa ann?
  2. Tá go leor tíreacha ar an mapa.
  3. Tá bóthar Thír an Fhia ansin.
  4. Tá mac Mháirtín agus athair Bhrid/ ann anois freisin.
  5. Níl an solas go maith anois.
  6. Nach bhfuil Páidín agus Máire ann freisin?
  7. B'fhéidir go bhfuil coláiste ansin.
  8. Tá siad go hiontach.
  9. An bhfuil feilméaraí Chiarraí sásta?
  10. Deir uncail Cháit nach bhfuil muintir Ghaoth Sáile sásta ach a oiread.
  11. Tá garraí agus abhainn bheag in aice leis an gcoláiste.
  12. Tá sé sásta leis an múinteoir Béarla, ach níl sé sásta leis an múinteoir Gaeilge.
  13. Níl mé cinnte.
  14. Cá bhfuil Cáit?
  15. An bhfuil Fraincis sa nGaeltacht?

D. Change the tense and sentence type as indicated by the adverbs and punctuation

n. X marks negation. Example:
Tá siad anseo anois.
inné? An raibh siad anseo inné?
amáireach X Ní bheidh siad anseo amáireach.
anuraidh Bhí siad anseo anuraidh.
anois?X Nach bhfuil siad anseo anois?

  1. Bhi mo ghasúr go holc.
    • amáireach
    • anois?
  2. Tá gúna álainn ar an mbean anois.
    • amáireach?
    • amáireach X
    • inne?
  3. Bhí go leor carranna ar an mbóthar inne.
    • anois X
    • anuraidh X
  4. Níl rud ar bith arn an mbord anois, ar aon chaoi.
    • amáireach? X
    • inné X
    • anois?
  5. Beidh an áit compóirteach, mar sin féin.
    • anois X
    • inne
  6. Tá neart deochanna ag an bhfear ansin ar an gcathaoir mhór.
    • amáireach
    • inne? X
  7. Tá Seáinín ar an bhfón anois.
    • inne X
    • anois?
    • amáireach
  8. An bhfuiltear sásta anois?
    • amáireach?
    • anuraidh
    • amáireach X

II. Indirect questions

Convert the following to indirect questions in the followup sentences.

  1. Cá bhfuil Donncha?
    Níl a fhios agam ___________________________
  2. Cé hé sin?
    Níl a fhios agam ____________________
  3. Cén chaoi a bhfuil sí.
    Níl a fhios agam ____________________.
  4. An mbeidh mórán daoine anseo?
    Níl mé cinnte __________________
  5. Cén t-ainm atá ar an mbean sin?
    Níl me cinnte ___________________
  6. Cén fáth?
    An bhfuil a fhios agat _____________________.
  7. An raibh feilméaraí Chiarraí sásta?
    Níl a fhios agam ______________.
  8. Céard a deir sé?
    Ní thigim __________________________.
  9. Cá bhfuil bóthar Ghaoth Sáile?
    An bhfuil a fhios agat __________________
  10.  Céard é sin?
    Níl mé cinnte ___________________.
  11. An raibh an bóthar ciúin?
    Níl a fhios agam _____________________.
  12. An dtigeann siad céard a deir tú?
    Níl mé cinnte __________________.
  13. An mbeidh tú compóirteach anseo nó nach mbeidh?
    Níl a fhios agam ___________________.
  14. An raibh an gúna daor nó an raibh sé saor?
    An bhfuil a fhios agat ______________________.
  15. Cá raibh muid aréir?
    Níl sé cinnte ______________________.

 

Lesson 5

Nancy Stenson's Workbooks - Learning Irish

Lesson 7