p h o u k a   h o m e i r i s h   l e s s o n s   h o m e
next


title
note
preface
intro
[1][2][3]


series I
series II
series III
series IV
series V
series VI
subjuntives
summary

 

 

 

XLI. —MAR BHUAINFINN PRÉATAÍ

  1. RACHAINN amach ar maidin.
  2. BHÉARFAINN liom spáid (nó rán)
  3. BHÉARFAINN liom baisgéada agus cliabh.
  4. RACHAINN amach sa' chuibhreann (= gort).
  5. RACHAINN go bun iomaire.
  6. BHUAINFINN preab, agus
  7. THIONNTÓCHAINN amach na préataí.
  8. Mur (muna) MBÉADH táiteóir agam,
  9. CHAITHFINN na préataí ar uachtar leis a'spád.
  10. Nuair a thiocfadh an táiteóir,
  11. THÓGFADH sé na préataí isteach i mbaisgéad.
  12. Nuair a bhéadh an baisgéad lán
  13. CHUIRFEADH sé i gcliabh iad.
  14. Nuair a bhéadh an cliabh lán
  15. RACHAINN agus DHÉANFAINN poll,
  16. Agus CHUIRFINN na préataí sa pholl.
  17. Nuair a THIOCFADH an trathnóna
  18. BHUAINFINN sgráta, agus
  19. CHUIRFIN na sgráta at na préataíbh.
  20. CHUMHDÓCHAINN an poll le créafóig.

XLII. —THREABHUIGH SEAGHÁN an PHÁIRC MHÓR i MBLIADHNA.

  1. CHUAIDH Seaghan i chomhroinn le Paidí Beag ag treadbhadh ar feadh an Earraigh.
  2. THUG sé leis a' tseirreach (nó an ceaucht) go dtí 'n cheardcha.
  3. Gur CHUIR an gabha dóigh iurri.
  4. D'ÉIRIGH sé go luath ar maidin, agus
  5. CHUAIDH sé a choinne beathaigh Phaidí Bhig.
  6. CHUIR an ughaim ar na beathchaibh.
  7. Chuaidh sé amach na' chuibhrinn leó, agus
  8. CHUIR sa tseirrigh iad.
  9. THREADBHUIGH sé fód ó bhun go barr na páirce.
  10. THREABHUIGH sé fód eile ó bharr go bun.
  11. THREABHUIGH sé iomaire agus iomaire eile.
  12. THREABHUIGH sé an pháirc go léis.
  13. Nuair a bhí an pháirc treaibhte aige
  14. D'FHUIRSIGH sé í, agus
  15. CHUIR sé iorna innti, agus
  16. TÁ barr maith oerna innti anois.

XLIII. —BHUAIL UILLIAM A CHUID COIRCE INDÉ

  1. CHUIR Uilliam cruach coirce i na sgioból.
  2. THOISIGH sé féin agus a bhuachaill aimsire a' bualadh na coirce.
  3. CHUIR siad clár buailte ar urlár a' sgiobóil.
  4. SHOCRUIGH siad sopóg ar an chlár bualite.
  5. FUAIR 'ach aon fhear aca súiste.
  6. RUG sia greim ar na lámhchrannaibh.
  7. SHEASAIMH siad ós coinne a chéile, agus an tsogóg eatorra.
  8. THUG siad na súistí thart thara n-a gceannaibh.
  9. BHUAIL siad 'ach aon darna bhuille go raibh an tsopóg buailte.
  10. THOG siad an cochán, agus
  11. D'FHÁG an choirce 'na luighe ar an urlár.
  12. RINN' siad batalla de'n chochán.
  13. agis RIDEÁLUIGH siad an choirce.
  14. CHATHAIGH (= glan) siad an choirce.
  15. CHUIR siad an choirce i málaibh,
  16. Agus THUG na' mhuilinn é.
  17. RINN an muillteóir a mheilt 'na mhin.

XLIV. —BUAINT MHONA.

Goidé mar BHUIANEADH muitear BHrisghde a gcuid móna

  1. LOMADH siad (nó ghlanadh siad) an portach an dtús.
  2. GHLANADH siad an dá bhachta s' aca féin.
  3. CHRUINNIGHEADH siad trí nó ceithre fir agus an triúr buachaill s' aca féin.
  4. HEIBHEADH siad dhá shleaghán agus ceithrebarraí.
  5. THÉIDHEADH triúr fear chuig 'ach aon shleaghán.
  6. THÉIDHEADH fear i gceann an tsleagháin agus fear sa' bpoll agus fear is gceann na mbarraí.
  7. BHUAINEADH siad leó go ham dínneéire,
  8. agus ó am dínnéire go hoidhche
  9. Nuair a bhíodh an mhóin buainte aca
  10. THÉIDHEADH na cailíní na phortaigh, agus
  11. SPRÉIDHEADH siad an mhóin ar na bachtaibh.
  12. THIONNTUIGHEADH siad í lá eile.
  13. Lá eile chuireadh siad i gcróigeáaibh í, agus
  14. DHÉANADH siad easchróigeána dhí.
  15. CHUIREADH siad na fóid mhóna i gclampaíbh, agus
  16. THABHRADH siad leó beathaigh is cartacha agus tharraingeadh siad leó na bhaile iad.

XLV. — AG IASGAIREACHT

A Mháire, goidé mar dhéanadh d'atair iasgaireacht?

  1. BA ghnátach leis bheith as iasgaireacht ach aon tsamhradh.
  2. THÉIDHEADH sé un Bhuin Bhig agus CHEANNUIGHEADH sé dórnán cnáibe go gcácáileadh sé an bád.
  3. GHEIBHEADH sé beagán de thárr fhuair.
  4. BHEIREADH sé anall é agus CHUREADH sé síos teine agus BHRUITHEADH sé é i bpota.
  5. CHUIREADH sé sgéala fá choinne saoir bhádh go GCUIRFEADH sé dóigh ar an bhád.
  6. Nuair a BHÍODH dóigh ar an bhád CHUIREADH sé amach sa traochadh é
  7. CHRUINNIGHEADH sé a chuid chomrádaí le dl as iasgaireacht leis.
  8. THÉIDHEADH siad na trágha agus GHEIBHEADH siad sliogáin dhubha agus dórnán slugach.
  9. I n-amannaibh GHEIBHEADH siad dórnán eascon.
  10. I n-amannaibh eile GHEIBHEADH siad beagán partán.
  11. Fá choinne a GCAITHTE thart 'san fhairrge.
  12. Fá choinne an t-iasg a CHRUINNIUGHADH thart fá'n bhád.
  13. CHAITHEADH siad amach an ruaim agus a'baoite.
  14. GJEOBJEADJ soad balláin agus garbhána.
  15. GHEIBHEADH ach aon duine cúpla duisín sa lá.

XLVI. —AG IASGAIREACHT SGADÁN ARÉIR

  1. CHUAIDH fuireann bháid amach ag iasgaieacht sgadán
  2. BHÍ cúigear aca ann.
  3. LEAG siad a n-eangacha 'san fhairrge.
  4. Go NDEACHAIDH na sgadáinionnta.
  5. GABHADH na sgadáin ins na dulaibh.
  6. THARRAING na hiasgairí isteach na h-eangacha.
  7. Gur BHUAIN siad na sgadáin asta.
  8. THEILG siad na sgadáin i dtóin an bháid.
  9. CHUIR siad na h-eangacha amach arís.
  10. GO RUG siad ar tuilleadh sgadán.
  11. RINN siad an rud ceudna arós agus arís
  12. GO RAIBH an bád líonta le sgadáin (sgadánaibh).
  13. D'IOMAIR siad gó dtí an caladhphort.
  14. STIÚRUIGH siad an bád na céidhe.
  15. CHEANGAIL siad an bád do'n chéibh.
  16. DHÍOL siad an lasta sgadán le ceannaidhe sgadán
  17. Ar chuig sgilligne a lán cléibhe.
  18. THUG siad leó cliabh
  19. THOMHAIS siad na sgadáin léithe, agus
  20. D'IOMCHUIR siad na sgadain ar tír ins an gcliabh.

XLVII. —AG SAILLEADH SGADÁN

An Smhradh so chuaidh thart

  1. CHEANNUIGH Seumas Mac Suibhne fiche lasta sgadán
  2. CHRUINNIGH sé meitheal ban le n-a nglanadh agus a railleadh.
  3. FUAIR sé ceud bairille
  4. CHEANNUIGH sé dhá thonna salainn.
  5. Cuireadh na bairillí agus an salann síos na chalaidh.
  6. CHUAIDH na mná síos fós.
  7. BHí sgiana leó.
  8. CHROM siad ar ghlanadh na sgadán.
  9. GHEARR siad a sgórncha agus bhain na putóga asta.
  10. CHUIMIL siad salann orra.
  11. GHLÉAS siad isteach i mbairillíbh iad i n-a sraithibh.
  12. CHROITH siad gearr-chuid salainn ós cionn gach sraithe.
  13. LEAN siad de sin go raibh na bairillí iíonta.
  14. THÁINIG an saor baraille gur CHUIR sé an clár ar ghach bairille.
  15. FÁGADH na bairillí mar sin GO RABH na sgadáin guirt saillte, agus
  16. CUIREADH tar lear iad go dtí an GHearmáin agus go hAmerioca.

XLVIII. —TÓGTHAR TEACH

  1. GLANTAR amach áit an tighe.
  2. CRUINNIGHTHEAR clocha.
  3. DÓIGHTEAR aol.
  4. TARRAINGTEAR gainimh.
  5. MEASGTHAR an t-aol leis an ngainimh.
  6. CUIRTEAR fá dhéin saor gcloch.
  7. CUMTHAR na ballaí
  8. TÓGTHAR na ballaí uile.
  9. DÉANTAR fuinneoga agus doirse,
  10. Agus CUIRTEAR isteach iad.
  11. CUIRTEAR isteach lochta (táilleóg)
  12. GHIBHTEAR sála agus cleatha.
  13. BUAINTEAR sgráta
  14. CUIRTEAR ceann ar an tigh.
  15. CUIRTEAR fiors ar tuightheóir,
  16. Agus GLÉASTAR cionn an tighe le tuighe.
  17. IS amhlaidh TÓGTHAR teach.

XLIX. —CNITEÁIL STOCAIDHE (a)

Goidé mar dhéanfá féire stocaidhe?

  1. LOMÓCHAINN (nó imfainn) na caoirigh ar dtús.
  2. BHEIRFINN liom an alann agus NIGHFINN í.
  3. D'FHUIGFINN anuigh í go dtriomóchadh sí.
  4. Nuair BHÉADH sí tirm
  5. PHIOCFAINN (nó dhealóchainn) an olann gharbh ar an alann mhin.
  6. BHÉARFAINN liom í, agus
  7. CHUIRFINN ola mhilis uirri.
  8. BHÉARFAINN liom í, agus
  9. DHÉANFAINN rollóga dhi.
  10. BHÉARFAINN liom an túirne annsin, agus
  11. CHUIRFINN suas í
  12. SHNÍOMHFAINN liom GO MBÉADH lán fearraide de'ntrnáth thuas.
  13. BHUAINFINN anuas ó'n fhearsaid é
  14. Agus CHUIRFINN suas ar chipín eile é
  15. Go dtí GO NDÉANFAINN suas i n-a cheirtín é

L. —CNITEÄIL STOCAIDHE (b)

  1. GHEOBHAINN na dealgáin ann sin.
  2. CHUIRFINN suas béal fá choinne giosán a dheanadh.
  3. CHUIRFINN suas ocht lúb is fiche ar ach aon deagán
  4. 'A MBÉADH (=dá mbéadh) an snáth caol,
  5. 'A MBÉADH an snath reamhar.
  6. DHÉANFADH caithre lúb is fiche an gnaithe (gnó)
  7. DHÉANFAINN dhá lúib shleamhain agus lúb tionntuighthe.
  8. CHNITEÁILFINN liom ann sin go dtí GO MBÉADH sé ag an tsáil.
  9. THÓGFAINN an tsál
  10. DHÉANFAINN leath-chromughadh nó níos nó.
  11. DHRUIDFINN an tsál.
  12. THÓGFAINN an giallfá (- taobh na sáile).
  13. CHUIRFINN cumhanglach go dtí go
  14. MEASFINN nach mbéadh acht oiread lúb is DHEANFADH an bhróg fairsing go leór.
  15. CHNITEÁILFINN liom ann sin go dtí go mbéadh cromughadh go leith déanta agam.
  16. RACHAINN a' druid (=druidim) na bróige
  17. CHUIRFINN cumhanglach ar a dtús agus a deireadh dealgán
  18. DHÉANFAINN trí cuairt eidir ach aon chumhanglach
  19. DHRUIDFINN barr na broíge
  20. DHRISFINN an snáth agus tharraingeochainn thríd ach aon lúb é
  21. D'OIBREÓCHAINN síos an snáth go dtí barr na bróige.

 

 

 

 

contact me!
teaching irish - macGinley - 1902
©2008 phouka.com