Learning Home

 


 

 


Ceacht 26

I. Past Tense

A. Cuir san aimsir chaite. (Convert the following to the past tense.)

Sampla: Stop ag obair. --> Stop me ag obair.

  1. Dúin an doras.
  2. Bailigh na páipéir.
  3. Fan ag an mbord.
  4. Ná dóigh an fheoil.
  5. Ceangail an bhó ag an ngeata.
  6. Pacáil do mhála.
  7. Fáigh an leabhar sin.
  8. Glan an seomra.
  9. Ná salaigh aríst é.
  10. Imigh leat.

B. Déan abairtí dearfa astu seo. (Change the following negative sentences to affirmative.)

  1. Níor imir siad go maith.
  2. Níor fhoghlaim siad mórán Gaeilge.
  3. Nár scríobh sí leitir agat?
  4. Níor chodail mé go maith aréir.
  5. Níor lasadh an tine.
  6. Níor tharla rud ar bith.
  7. Nár chas Séamaisín leat inné?
  8. Níor chuimhnigh mé ar an scéal sin.
  9. Níor bhearr sibh na caoirigh inné
  10. Níor ghnóthaigh muid an cluife.

C. Críochnaigh na habairtí leis an aimsir chaite. (Complete each sentence with the past tense of the verb marked.)

  1. Dúirt sé go dtóigfeadh sé teach nua, agus __________.
  2. Tá siad in ann airgead a chruinniú, ach níor ___________ siad mórán.
  3. Dúirt mé le mo ghasúr gan caoineadh, ach ________ sí mar sin féin.
  4. Dúirt mé leat stopadh, ach níor _________ tú
  5. Gheall Peige dhom go múchfadh sí an tine; meas tú ar ________sí í?
  6. Cheap mé go dtaithneodh an áit seo leis, ach níor _________.
  7. Sílim nach n-íocfaidh sí ar an mbéilí seo, cé gur _________sí 'chui le cheann eile.
  8. Deir sé go millfidh mé an béilí seo, ach níor ________ mé aon bhéili / ariamh.
  9. Dúirt an múinteoir go dtóigfí scoil nua i mbliana; meas tú an________ __ í?

D. Cuir san aimsir chaite. (Convert the habituals to simple past forms).

E.g., Bhíodh sé anseo --> Bhí sé anseo.

  1. Chríochníodh sibh an obair go luath.
  2. Mhúininn Fraincis.
  3. An gcastaí ceol ar an mbosca?
  4. Ní mholaidís an rialtas.
  5. D'fhanadh muid ag an teach ósta go dtí 12:00.
  6. Phacáladh sí trí mhála.
  7. Ní chreidinn an sagart, ach chreidinn na mná rialta.
  8. Deir sé go ndíoladh sé carranna.
  9. An snámhaidís san abhainn?
  10. D'osclaíteá an leabhar muair a tháinig an múinteoir isteach.
  11. Dhúnadh na siopaí ag 1:00.
  12. Choisníodh sé an iomarca.
  13. Nach líonainn 'chuile ghloine?
  14. B'fhéidir go n-insínn scéalta maithe.
  15. An ndóadh sibh an bia?
  16. Ní mheastaí mórán den scoil sin.
  17. Chaoineadh an páiste go leor san oíche, ach ní chaoineadh sí ar chor ar bith ar maidin.
  18. Réabadh an bhó an garraí.
  19. Ghoidtí mo charr agus mo chuid leabhartha.
  20. Tharlaíodh go leor rudaí mar sin.

II. Verbal nouns.

Give the verbal noun form for each past tense verb below.

scóráil líon cheangail phléigh
chaoin shábháil ghlan rith
chaill d'innis réab réitigh
bhraith chruinnigh thogh mhill
d'fhliuch dhóigh choisin léigh
ghearr d'iompaigh scríobh lig
cheannaigh dhíol d'fhás d'fhiafraigh
cheap ghortaigh gheall sheachain
d'aontaigh thomhais shocraigh ghnóthaigh
ghuidh chodail ghlac mhúin
d'fhoghlaim tháinig stop scanraigh
throid d'ól nigh d'aithnigh

III. In.

A. Líon an bhearna le foirm cheart an réamhfhocail in.

  1. Múinteoir atá _________________ (mé)
  2. Dochtúr atá __________________(í)
  3. Sáibhéaraí atá _________________(muid)
  4. Banaltra atá ______________ (Peige)
  5. Feilméara atá ______________ (thú)
  6. Rifíneach atá ______________(é sin)
  7. Sagairt atá _____________ (iad)
  8. Cairde atá ________________ (muidne)
  9. Mac léinn atá _______________ (thusa)
  10. Mná tithe atá _______________ (sibh)

B. Scríobh abairt fheiliúnach le in+a (mo, do, etc.). Finish with an appropriate phrase using the in + possessive idiom.

  1. Seasaigí suas agus fanaigí i __________________.
  2. Ní búistéara anois mé, ach bhí mé __________________.
  3. Tá sé ag goil sna sagairt; beidh sé _____________________ thar éis 7 mbli ana eile.
  4. "Nach maith na peileadóirí iad?" "Bhoil, tá siad _____________,ach níl siad ro-mhaith.
  5. Loigh siar, agus bí ___________________.
  6. Chodail muid go maith aréir, bhí muid ____________________ fós nuair a tháinig sibh isteach.
  7. Dúisigh, agus fan _____________________.
  8. Shuigh muid síos, agus bhí muid sásta _________________.
  9. Is máistreás í, ach níl sí sásta a bheith__________________.
  10. Nach bean rialta thú? Cheap mé go raibh tú ____________.

IV. Plurals.

Scríobh an uimhir iolra.

céad cathaoirleach garda
aill bainis scór
ceirnín geall ceacht
píopa tairne cruinniú
bráillín citeal iascaire
coirnéal dearmad ginn
páirtí léacht cíos
plump sábh peileadóir  
costas cúinne comharsa
seilp peiliúr paráiste
arm obair druncaera
poll pluid saighdiúr
máistir stól suipéar
contúirt tuáille céilí
pointe rása seafóid

 

 

Lesson 25

Nancy Stenson's Workbooks - Learning Irish

Lesson 27